Dé Domhnaigh ag 5

Tá dhá shraith de ‘Trí Shúile an Chait’ comisiúnaithe agus déanta ag Tobar. Is sraith é seo le páistí ó aois 5 go 9 fud fad na hÉireann ag inse a scéaltaí féin. B’iontach an rud é gur moladh an tsraith do Irish Film and Television Award dhá bhliain as deis a chéile. ‘Trí Shúile an Chait’ an t-ainm a bhí ar an chéad tsraith, an t-ainm bunaithe ar sheanfhocal Ghaeilge - “Briseann an dúchas trí shúile an chait.” ‘Cúla Cairde’ a bhí ar an dara sraith, Cúla an t-ainm atá ar theilifís na bpáistí do TG4.

Bhí 90 páiste pairteach sad a sraith agus tá súil againn go rachaimis ar ais chuig cuid acu le scéal abaí a fháil. Ba é Ger beag Feehan ó Iúr Cinn Trá réalt amhain ón chéad tsraith a raibh brionglóid aige go mbainfeadh sé craobh na hÉireann le hArd Mhacha agus moladh é do Ghrádam IFTA. Moladh Aoibhinn Ní Mháirtín sa dara sraith do Ghrádam IFTA. Cailín fhleá a bhí inti a bhí ag cuartú gúna di féin le gabhail chuig cóisir.

Bhain Tobar an-sult go deo as na cláracha seo a chur le chéile agus tá súil againn níos mó cláracha do pháistí a chruthú amach anseo.