An Fhoireann
Pilib Mac Cathmhaoil Stiúrthóir Cuideachta.
Chaith Pilib 10 mbliana ag forbairt tionscadail éagsúla don phobal, agus ag obair ar son aitheantas don Ghaeilge. Le linn an ama seo bhí sé ag obair go páirtaimseartha ar raidió agus mar aisteoir agus sa deireadh chuir sé tús lena ghnó féin, rud a bhí go mór ar intinn aige le fada. Anois tá Tobar Productions aige agus é ina léiritheoir dáiríre.
Tá sé go fóill ag forbairt an chomhlachta ach tá sé ag iarraidh a bheith ina aisteoir mór le rá go fóill ach níl ag éirí go ró-iontach leis faoi láthair, mar sin amharc ar shampla dá chuid oibre agus tabhair an deis dó atá á sheachaint le fada. Deirtear nach bhfuil caill air! Bá bhreá leis teach solais a cheannacht agus deis a chur air.
Diarmuid Ó Tuama Forbairt Cláracha
Is iar-mhúinteoir scoile agus príomhoide é Diarmuid. Theagasc sé le bliain is tríocha. Ba leor sin ag duine ar bith! Tá suim as cuimse aige i Spórt Gaelach. D’imir sé iománaíocht (go holc), peil (níos measa), agus liathróid láimhe.
Is breá leis bheith ag léamh agus leabhair staire is mó a thaitníonn leis. Tá suim aige sa ghairdín. Ó d’ealaigh sé ón scoil thosaigh sé ag taistil. Tá An Róimh ar dóigh dar leis.
Damian Mac Canna Taighde agus léiriú
Is céimí é Damian ó Ollscoil na Ríona, Béal Feirste le Gaeilge agus Fraincis. B’as an Lorgain dó ach d’éalaigh sé agus tá sé á chur faoi i mBéal Feirste le 5 bliana. Is iad an dá ghrá is mó i saol Damian ná ceol agus scannáin, is dócha san ord sin agus is minic le feiceáil ag ionad in aice leat é. Faoi láthair is breá le Damian Guinness, Good Vibrations Records, iompar poiblí agus bheith ag labhairt sa tríú pearsa mar bheadh banríon na Sasana ann. Ní maith leis ámh, Sharon Osburne ná CJ Ó “Eggheads atá ar BBC2.
Is mian le Damian leanúint leis na scileanna léirithe atá mar stracailt go fóill aige sa dóigh is go dtig leis a smaointe do chláracha a chruthú agus a fhorbairt.
Cathal Mac Coille Taighde agus léiriú
Is céimí le Gaeilge agus Léann Ceilteach ó Ollscoil na Ríona é Cathal. Tá sé ag obair le Tobar Productions faoi láthair mar chuid den scéim traenála Gaeilge ó NI Screen. Seachas a chuid oibre le Tobar Productions tá táithí aige ar bhuneagrú agus ba mhaith leis tógáil air. Tá suim as cuimse aige i gceol agus bailíonn sé ceirníní mar chaitheamh aimsire. Bá mhian le Cathal an dá shuim seo aige i gceol agus teilifís a chur le chéile agus cláir fhaisnéise a chruthú.
Fergus
Is céimí é Fergus i mBeartas Sóisialach agus i Socheolaíocht ó Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste.D’fhás sé aníos i Rinn Mhic Ghiolla Rua i gCo. An Dúin i bhfad ón áit ar rugadh é,Montreal.Tá Fergus ag obair i dTeilifís agus i gCeol i mBéal Feirste ó bhí 2003 ann agus is mian leis leanúint leis agus cnag mór airgid a shaothrú! I 2006 bhí sé pairteach sa scéim craoltóireachta Gaeilge agus d’obair sé ar roinnt léiriúchán do TG4 agus don BBC T.É. Is breá le Fergus taisteal nuair a fhaigheann sé an deis, agus tá dúil as cuimse aige i gceol, rud ata ag cur isteach ar a chuid cluas!
Bhí Fergus le Tobar ón tús ach tá sé ag cruinniú taithí faoi na meáin le comhlachtaí eile faoi láthair.
Seán Curran
Bheadh sé iontach doiligh ag Tobar bheith ann ar chor ar bith gan Séan Curran! Is é atá greannmhar, scilmhar, séimh agus i gcónaí réidh le cinntiú go mbíonn an obair déanta ag an chaighdéan is airde agus is slachtmhara. Is duine ilchumasach é, dár leis féin, agus bhí sé mar aisteoir i ndrámaí ar nós “A Night In November” agus “Us And Them” agus pairteanna i scannáin ar nós “Heroes” agus “The Mighty Celt” chomh maith le fógra i gcoinne bruscair ar son Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste. Bhí a ghuth le cluinstin ar “Doodlebops” mar Rooney Doodle, sraith do pháistí ar TG4 agus bhí clár aige ar Raidió Fáilte agus shíl a mhamaí go raibh sé go maith!
Is maith le Séan bheith ag saothrú ar chúl cláracha teilifíse, mar ní bhíonn obair ar bith i gceist ach níor mhiste leis bheith ag obair os comhair ceamara arís am éigin sa todhchaí.
Íoslódáil Philip's CV