Dé Domhnaigh ag 5
Beidh 10 mbliana cothrom ann i Meán Fómhair 2008 ó shaoradh an chéad chuid de 400 cime ón Chéis Fhada mar chuid de shíniú Chomhaontú Aoine an Chéasta 1998. Níos mó ná imeacht ar bith eile ba chúis mhór imní an saoradh seo do dhaoine a chaill gaolta mar gheall ar na “Trioblóidí.” Tar éis 10 mbliana iniúchannléiríonn ‘Sunday at 5’ saol beirte a raibh rólanna lárnacha acu ar an dá thaobh. Tugann an bheirt, Séanna Walsh,iar-threoirí IRA agus Billy McQuiston, iar-threoirí UDA, tugann siad chomhléargas dúinn ar shaol an chime agus an próiseas síochána agus cuidíonn seo linn tuiscint a fháil ar an choimhlint ón taobh istigh amuigh. Is comhléiriú dhátheangach (Gaeilge agus Béarla), le Batabat ó Barcelona agus Tobar Productions, é “Sunday at 5.” Tá leagán Béarla den chlár faisnéise déanta agus tá suim nach beag léirithe ag craoltóirí agus féilte idirnáisiúnta araon ann.