Oíche Nollaig Cois Cuain

Ba é seo an chéad chlár a rinne Tobar. Clár siamsaíochta agus ilcheamara a bhí ann a mhair leathuair ó Chaisléan Bhéal Feirste, ina raibh togha amhránaithe Bhéal Feirste, ina measc Brian Kennedy agus Cór Loch Lao, cór atá bunaithe sa Chultúrlann, príomh-ionad na n-ealaíona i gceathrú Gaeltachta Bhéal Feirste Thiar.

Craoladh “Oíche Nollag Cois Cuain”ag an am chéanna ar TG4, Raidió na Gaeltachta, Raidió na Life agus ar Raidió Fáilte. Seo an t-aon uair amháin ar craoladh an clár céanna ar chraoltóirí Gaeilge na tíre ag an am céanna.