Deis Roc

Deis Roc

Léiríonn Deis Roc tallann úr ó shaolréim óg Cheol na hÉireann. Bhí a fhios againn go raibh go leor roc-bhannaí fud fad na tíre agus cé nach seinneann ach fíorbheagán acu trí mhéan na Gaeilge, ghlac na grúpaí ar fad go fonnmhar leis an dúshlán chun amhrán dá gcuid a casadh as Gaeilge chomh maith le hamhrán eile dá gcuid a sheinm as Béarla. Sa chéad tsraith roghnaigh muid 12 bhanna as 120 iarratas a fuair muid agus rinneadh na cláracha ar fad a thaifead “The Kings Head” i mBéal Feirste. Chuaigh 6 bhanna acu siúd ar aghaidh chuig an bhabhta ceannais a bhí san ionad chéanna. Ba é an banna “Exit The Street” a bhain an comórtas agus d’imigh siad leo go Memphis, Tennessee, thug siad cuairt ar Sun Records, scrín Elvis agus bhí gig beo acu os comhair lucht féachana.

Craoladh an dara sraith de Deis Roc ón 15ú Eanáir 2008. Chuaigh 16 banna i gcoimhlint le céile le stadas roc-réalta is úire in Éirinn a bhaint amach. Tháinig na bannaí ó ollscoileanna, colaistí 3ú léibhéal den chuid is mó ach corrghrúpa iontach níos aibí, agus iad ar fad neamhshínithe. Bhí siad i gcomhrac le chéile thar 112 sheachtain chun an teideal Deis Roc agus an duais €10,000 a thabhairt abhaile leo. Rinneadh an tsraith a thaifead in Ollscoil na Ríona agus ba comhléiriú é le Tobar agus Green Inc. Is é Deis Roc an t-aon seó in Éirinn a thugann ardán do bhannaí úra seachtain i ndiaidh seachtaine agus tá lucht féachána óg iontach tugtha dó. Is é an lucht féachána a thugann votaí agus a roghnaíonn na buaiteoirí. Craoladh na cláracha gach oíche Mháirt ó 15 Eanáir go dtí 25 Márta 2008.