Ard Mhacha Abú
Dúirt Philip Campbell i Márta 2002 le TG4 go raibh Ard Mhacha ar tí a chéad Chraobh Peile uile-Éireann a bhaint agus gur mhaith leis feachtas s’acu a thaifead ar ceamara. Rinneadh a bheag dó ach ar ndóigh bhí an ceart ar fad aige agus thug Ard Mhacha an chraobh leo nuair a bhuail siad Ciarraí.
Chuaigh sé ar ais an bhliain dár gcionn agus dúirt sé go raibh siad chun an dara craobh a thabhairt leo agus fuair sé tacaíocht an iarraidh seo. Cé gur goideadh an chraobh go héagórach uathu ag foireann thumtha Thír Eoghain i 2003 bhí an lucht féachána dhá oiread níos mó ar an oíche a craoladh an clár faoi fheachtas bliana Ard Mhacha.
Rinneadh an clár faisnéise ar bhuiséad an-íseal agus bhí dráma nach beag sa chúlra nuair a bhí taisme bóthair ann tar éis oíche na ndímuaiteoirí sa City West.
Scriosadh carr Tobar chomh maith le carr eile agus trí cheamara ach go hádhúil níor gortaíodh duine ar bith agus tar éis dianchuardach na ngardaí fuarthas na daichead téip ar a raibh an clár iomlán.