Eolas faoi Tobar
Ainmníodh Tobar mar gheall ar sheanphumpa dubh a bhí ag an tobar ag teach a aintín Maggie, áit a bhfuil cónaí anois ar, Philib Mac Cathmhaoil Bhunaigh sé Tobar Productions ag tús 2003 mar sceitheadh cruthaíoch le haghaidh smaointe úra agus meáin-thionscaidil.
Léirigh an comhlacht roinnt cláracha do TG4 ag an tús ach tá Pilib ag obair go lánaimseartha leis an chomhlacht ó 2005 agus tá sé breá sásta leis an chur i gcrích atá bainte amach ag an chomhlacht go dtí seo agus an cumas forbartha atá ann.
Caitheadh go leor ama agus iarrachta ar smaointe bríomhara a fhorbairt do TG4 agus tá an toradh sin le feiceáil le léiriú dhá sraithe i 2007 chomh maith le trí shraith eile comisiúnaithe i 2008 chomh maith le clár amhain faisnéise.
Tá beirt anois fostaithe ag Tobar go lánaimseartha agus bíonn suas le fíche ag obair acu le linn léiriúcháin.
Cé go bhfuil béim ar chláracha a léiriú trí mhéan na Gaeilge, tá Tobar ag iarraidh cláracha a chur le chéile as Béarla do BBC NI agus do RTÉ fosta.
Is é an cuspóir is mó atá ag Tobar ná le bheith mar cheann de na príomhchomhlachtaí do TG4 sa tuaisceart agus le bheith in inmhe tallann úr a chothú agus a fhorbairt.
Mianaidhmeanna
Is é an clú atá ar Tobar ná go gcruthaíonn siad cláracha teilifíse do TG4 a bhfuil ardchaighdéan léiriúcháin ag baint leo agus paisean ag na daoine a insíonn na scéalta. Déanfaidh an comhlacht cláracha mar seo do TG4 amach anseo agus tá muid ag iarraidh go mór cláracha a léiriú as Béarla fosta. Chomh maith leis seo beidh an comhlacht ag cuartú tallainn úire, ag tabhairt daoine atá ocrach agus tiománta isteach sa tionscadal le bheith mar bhaill foirne Tobar. Faoi láthair tá triúr oiliúnaí ag obair go lánaimseartha le Tobar agus tá cuid acu ag forbairt a léiriúcháin féin.
Faoi láthair tá dráma grinn á fhorbairt againn agus tá súil againn go mbeidh sé comisiúnaithe do 2009.